- This event has passed.
Cá bhfuil Gaeil Bhaile Átha Cliath? An trasnaíl chultúrtha agus teanga san ardchathair i gcomhthéacs athbheochana
5 October, 2016 @ 6:30 pm
Event Navigation

Díreoidh an léacht seo ar an idirphlé Gaeilge/Béarla i measc gníomhairí athbheochana i mBaile Átha Cliath ag tús an fichiú haois. Déanfar scagadh ar réimse leathan foinsí (nuachtáin, irisí, fógraí, cáipéisí oifigiúla) chun solas a chaitheamh ar an timpeallacht dhátheangach inar cuireadh teanga agus cultúr na nGael chun tosaigh.
Léachtóir sa Nua-Ghaeilge agus sa Léann Éireannach sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath is ea an Dr Aoife Uí Fhaoláin. Is leaseagarthóir í ar The Revolution Papers. Tá staidéar criticiúil déanta aici ar ról na meán Béarla i gcur chun cinn na Gaeilge le linn na hathbheochana.
Níl gá le háirithint ach bí ann go luath chun áit a chinntiú
Calendar powered by The Events Calendar
