
- This event has passed.
Dochtúirí agus Tréimhse na Réabhlóide II
October 9, 2021 @ 10:00 am - 1:00 pm
Free
Presented by Acadamh na Lianna.
I. Radharc Anuas agus Díriú Isteach
Rinne dochtúirí na linne seo a gcion neamhspleáchas na tíre a bhaint amach, agus mórpháirt acu i ngach uile ghné. Tabharfaidh an dochtúir teaghlaigh Colm Ó Sé radharc anuas orthu agus ansin gearrchuntas ar chúpla acu.
II. Séamas Ó Ceallaigh – Fear Léinn, Fear Leighis agus Finné don Éirí Amach
An Dr. Nollaig Ó Muraíle (iar-Léachtóir Sinsearach, Scoil na Gaeilge, OÉ Gaillimh): ‘Sé Leabhar Mór na nGenealach a mhórshaothar, ach tá alt cuimsitheach i gcló aige ar an dochtúir rí-shuimiúil seo a raibh ról lárnach aige in imeachtaí Seachtain na Páise, agus i saol na Gaeilge chomh maith.
III. Stailceanna Ocrais na bPoblachtánach: Trína Súile Féin 1920-1923
Cormac Ó Comhraí (Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua): Tá go leor i gcló aige ar an dtréimhse faoi chaibidil, agus sa léacht seo cuirtear síos ar Stailceanna Ocrais na Réabhlóide agus mar a bhreathnaigh na Poblachtánaigh a ghlac páirt iontu ar na stailceanna sin.
IV. Art Ó Briain agus Náisiúnachas na hÉireann i Londain, 1919-1921
An Dr. Mary MacDiarmada (Comhalta Taighde, Scoil na Staire agus na Tíreolaíochta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU)): Ise a scríobh an leabhar údarásach ar an innealtóir seo, Art O’Brien and Irish Nationalism in London, 1900-1925. Ball de na príomhghluaiseachtaí náisiúnacha i Londain, ceapadh é mar thoscaire Dháil Éireann i Londain (1919). Bhí mórpháirt aige san idirbheartaíocht faoin gConradh Angla-Éireannach 1921.
These four talks – hosted by Acadamh na Lianna, and all in Irish – explore various aspects of the Revolutionary Period. As Acadamh na Lianna is an Irish-speaking association for doctors, the emphasis will be on the variety of parts played by doctors in every phase of the Revolutionary Period, from gun-running in 1914 and subsequent armed combat, to the First Dáil and later peace initiatives.