Gaeil agus Géibheann agus Éamonn Mac Thomáis (1927-2002)
September 29 @ 2:00 pm - 3:30 pm
Nótáil gur eachtra dhá pháirt é seo a bheidh 90 nóiméad in fhad.
Gaeil agus Géibheann
Eoghan Mac Cormaic
Ina leabhar nua fhoilsithe Gaeil agus Géibheann tharraing Eoghan Mac Cormaic as réimse leathan foinsí nár foilsíodh riamh: dialanna, foilseacháin agus cuimhní na gcimí féin, ó aimsir na bhFíníní go deireadh an fichiú céad. Is as Doire d’Eoghan Mac Cormaic, agus tá cónaí air i nGaillimh le fada, áit ar thóg sé clann le Gaeilge. Chaith sé cúig bliana déag mar chime poblachtánach i bpríosún na Ceise Fada.
Followed by:
Éamonn Mac Thomáis (1927-2002)
Micheál Mac Donncha
Déanann Mícheál Mac Donncha cur síos ar an scríobhneoir, craoltóir agus Poblachtánach Éamonn Mac Thomáis. Bhain sé cáil amach sna 70í lena cláracha faoi Bhaile Átha Cliath ar RTÉ ach tá i bhfad níos mó le foghlaim faoina shaol. Is Comhairleoir Cathrach é Mícheál Mac Donncha, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath 2017/2018, agus scríobhneoir staire.
Note: Booking essential.