Loading Events
Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Tóraíocht Taisce na Startha Ceilte Faoi do Threoir Féin do Leanaí

September 25, 2023 - October 15, 2023

An bhfuil do chuid leanaí fiosrach faoi ailtireacht agus faoi stair na bhfoirgneamh, na sráideanna agus na ndroichead i mBaile Átha Cliath? Má tá, agus má thaitníonn sé leo a bheith gníomhach, is an-ghníomhaíocht é seo don teaghlach uilig.

Íoslódáil an léarscáil thíos, lean an cosán agus scaoil na noda chun ainm na taisce nach raibh tásc ná tuairisc uirthi le fada a fháil amach.

Cuirtear tús leis an tóraíocht 3km taobh amuigh den Lárleabharlann in ionad siopadóireachta Ilac agus cuirtear críoch léi ag Leabharlann Shráid Chaoimhín. Tá an tóraíocht taisce ar fáil go forleathan i leabharlanna chathair Bhaile Átha Cliath.

Is féidir leat na treoracha a íoslódáil saor in aisce agus priontáil dhaite nó liathscála a dhéanamh go héasca anseo:

Íoslódáil an stair rúnda i dath

Íoslódáil Tóraíocht na Staire i gCeilt i liathscála atá oiriúnach do phriontáil

Chruthaigh Staraí Cónaithe do Leanaí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Dervilia Roche, in éineacht le maisitheoir Deadly Irish History John Farrelly, an ‘Tóraíocht Startha Ceilte’ seo, tóraíocht taisce faoi do threoir féin do leanaí i gCathair Bhaile Átha Cliath.

Tá an tóraíocht taisce ar fad taobh amuigh, seachas an túsphointe. Níl gá le táillí iontrála. Trasnaíonn roinnt codanna an bhealaigh tríd páirceanna, a d’fhéadfadh a bheith dúnta sa tráthnónta.

Baineann siúlóid 3km leis an tóraíocht ón túsphointe go dtí an pointe deiridh agus glacann sé thart ar 1.5 uair an chloig le críochnú.

Tá na ceisteanna oiriúnach do leanaí atá 9-12 d’aois, ach beidh ar dhaoine fásta cúnamh a thabhairt leis na treoracha.

Tá an stop deiridh gar do stadanna an bhus agus an Luas, nó is siúlóid dhíreach timpeall 2km í ar ais go dtí an túsphointe.

Curtha i láthair ag Cónaitheacht Chruthaitheach @ Beairic Richmond

Chruthaigh Comhlacht Cultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an clár Cónaitheachta Cruthaithí.

Details

Start:
September 25, 2023
End:
October 15, 2023
Event Categories:
, ,
Event Tags:
,

Venue

Kevin Street Library
18 Lower Kevin Street
Dublin 8, Dublin D08 EY79
+ Google Map
Phone
01 222 8488