

- This event has passed.
Dúshlán na hAthbheochana sna Stáit Nua
October 1 @ 4:30 pm - 5:30 pm

100 bliain tar éis deireadh Chogadh na gCarad, pléfear na dúshláin agus na deacrachtaí a bhí ag pobal na Gaeilge agus na heagraíochtaí athbheochana sna 1920í.
An raibh ról ann fós do Chonradh na Gaeilge? Cén tionchar a bhí ag bunú na stáit nua agus Cogadh na gCarad ar chúrsaí chultúir agus teanga in Éirinn?
Óstálfaidh Conradh na Gaeilge, le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíona, Gaeltachta, Spórt agus Meán, an pléphainéal seo leis:
An tOllamh Brian Ó Conchubhair, Ollscoil Notre Dame.
Dr Síobhra Aiken, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
Cuan Ó Seireadáin, Coimeádaí Chonradh na Gaeilge.